Ag Ceiliúradh Féarthailte is Fearr na hÉireann

Is tír ghlas í Éire a bhfuil páirceanna lán le féar inti. Tá na páirceanna mar chuid d’oidhreacht nádúrtha agus de chultúir na hÉireann, ach tá cuid díobh éagsúil ó pháirceanna eile.

Tugtar féarthailte leathnádúrtha ar fhéarthailte a bhfuil an leibhéal is airde bithéagsúlachta iontu. Déantar iad a bhainistiú trí leibhéil ísle ionchur amhail leasacháin. Is taiscí ríthábhachtacha don bhithéagsúlacht iad, a thacaíonn le réimse éagsúil speiceas plandaí agus ainmhithe.

Déanann féarthailte leathnádúrtha réimse leathan ‘seirbhísí éiceachórais’ eile amhail tacú le hithreacha folláine a choinníonn carbóin leithlisithe nuair nach dtreabhtar iad. Cuidíonn siad le tuilte a rialú, agus cuireann siad bia ar fáil dúinn, don bheostoc atá againn agus don oiread créatúr fiáin atá ann.

Tá roinnt cineálacha féarach leathnádúrtha na hÉireann liostaithe le haghaidh cosanta sa Treoir maidir le Gnáthóga ón AE. Tá siad seo anois i measc na gcineálacha gnáthóg is mó faoi bhagairt in Éirinn de bharr athruithe a tháinig ar chúrsaí talmhaíochta le 50 bliain anuas. Is féidir féarthailte leathnádúrtha a chailleadh mar gheall ar thréigean, mar gheall ar fheabhas a bheith ag teacht ar chúrsaí talmhaíochta nó mar gheall ar fhoraoisiú.

Chun cailleadh na bhféarthailte a chosc agus chun na gnáthóga seo agus an éagsúlacht a bhaineann leo a chosaint, caithfear iad a bhainistiú. Ciallaíonn sé sin go ndéanfar innilt orthu nó go ngearrfar iad ar a laghad ó am go chéile, nó cruthófar báinseach thiubh dhlúth go tapa a mbeidh brat tiubh easrach d’fhéara marbha orthu. Is beag speiceas atá in ann glacadh leis na cúinsí seo.

Is tionscadal é Great Irish Grasslands atá á stiúradh ag grúpa eolaithe agus díograiseoirí atá tiomanta d’eolas a roinnt faoi fhéarthailte leathnádúrtha, taisce náisiúnta a bhíonn i bhfolach go minic.