Cá bhfaighidh mé tuilleadh eolais? – Acmhainní

Feicfidh tú thíos roinnt nasc chuig áiteanna ar féidir leat tuilleadh eolais a fháil faoi fhéarthailte, faoi phlandaí agus ainmhithe féarthalún, agus faoi chaomhnú féarthailte ann. Cuirfimid leis an méid sin de réir a chéile, agus iarrfaimid ort aon mholtaí a d’fhéadfadh a bheith agat a sheoladh ar aghaidh chun cur leis an liosta (grasslands@housing.gov.ie).

An tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra

Is áit úsáideach é leathanach na Seirbhíse Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra maidir le féarthailte chun na nithe seo a leanas a aimsiú:

  • tuarascálacha ó shuirbhéanna náisiúnta maidir le féarthailte
  • rochtain ar amharcóir do léarscáil ar líne a thaispeánann féarthailte leathnádúrtha ar fud na hÉireann (tabhair ar aird gur faoi úinéireacht phríobháideach atá formhór na bhféarthailte seo agus nach bhfuil rochtain phoiblí orthu)
  • naisc chuig sraith físeán oideachasúil a bhaineann le féara agus féarthailte a aithint (cé go bhfuil siad go hiontach, tá siad an-fhada freisin!)
  • naisc chuig cainteanna atá tugtha ag an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra maidir le féarthailte leathnádúrtha
Botanical Society of Britain and Ireland

Leathanach Chumann Luibheolaíochta na Breataine agus na hÉireann maidir le ‘Tionscadal Fhéarthailte na hÉireann’, a n-aimseoidh tú na nithe seo a leanas ann:

  • réimse físeán teagaisc a chlúdaíonn grúpaí éagsúla plandaí féarthalún a aithint (e.g. cuise agus lusanna taghla)
  • bileoga áisiúla is féidir a íoslódáil maidir le ceithre cinn de na cineálacha féarthalún is neamhchoitianta in Éirinn, a liostaítear i dTreoir an AE maidir le Gnáthóga
  • agus réimse nasc chuig nithe eile úsáideacha a bhaineann le féarthailte
All Ireland Pollinator Plan

Tá neart acmhainní le fáil ar láithreán gréasáin an Phlean Pailneoirí Uile-Éireann, agus seo roinnt díobh:

  • faisnéis luachmhar faoin údar nach smaoineamh maith i gcónaí é síol ‘bláth fiáin’ a úsáid
  • postáil blag faoi ‘Luach neamhghnách na bhféarthailte leathnádúrtha atá ann cheana’
  • roinnt íomhánna a thaispeánann an chuma a cheart a bheith ar mhóinéar
  • agus tá go leor eile ann… molaimid duit dul tríd gach rud atá ar an láithreán gréasáin seo!
Farming for Nature

Láithreán gréasáin ‘Farming for Nature’:

  • láithreán gréasáin eile na hÉireann is ea é a bhfuil cuid mhór faisnéise le fáil ann – féach ar na físeáin faoin bhfeirmeoireacht, glac páirt sna seisiúin ‘Cuir ceist ar fheirmeoir’, glac páirt i siúlóid feirme, nó íoslódáil acmhainní.
Glen's Great Grassland Trail

‘Mórchonaire Féarthalún Ghlinnte Aontroma’ i dTuaisceart Éireann:

YouTube

Great Irish Grasslands YouTube Playlist:

Tá físeáin faoi ghnáthóga tailte féaraigh agus físeáin aitheantais féir curtha againn ar an seinnliosta YouTube seo. Cruthaíodh go leor den ábhar seo do Thionscadal Irish Grasslands Chumann Luibheolaíochta na Breataine agus na hÉireann.

Floodplain Meadows Partnership

Sa Bhreatain, tá láithreán gréasáin den scoth ag an ‘Floodplain Meadows Partnership’ – má tá suim agat tuilleadh a fhoghlaim faoi fhéarthailte a bhíonn faoi uisce go minic, nó i ‘calaí’ mar a thugaimid orthu in Éirinn, féach air, agus b’fhéidir go n-íoslódálfaidh tú an leabhrán cuimsitheach atá aige.

Plantlife

Eagraíocht eile a chlúdaíonn an Ríocht Aontaithe is ea Plantlife, a ritheann feachtas éifeachtach chun iarracht a dhéanamh feasacht a mhéadú faoi fhéarthailte agus faoi fhéarthailte a chaomhnú. Tá leabhráin agus acmhainní eile den scoth ag an eagraíocht.

Save our Magnificent Meadows

Is fiú féachaint ar láithreán gréasáin ‘Save our Magnificent Meadows’, agus tá doiciméid chomhairle agus treorach acu is féidir leat a íoslódáil.