Maidir le ‘Féarthailte Móra na hÉireann’

Is tionscadal é ‘Féarthailte Móra na hÉireann’ atá faoi stiúir grúpa eolaithe agus díograiseoirí atá tiomnaithe d’fhaisnéis a roinnt leat faoi fhéarthailte leathnádúrtha. Tabharfaidh an láithreán gréasáin seo an fhaisnéis uile atá de dhíth ort chun sult a bhaint as féarthailte leathnádúrtha na hÉireann agus chun cuidiú linn iad a shábháil, ar cuid de na gnáthóga is mó faoi bhagairt in Éirinn iad.

Tá féarthailte leathnádúrtha atá saibhir ó thaobh speicis de i measc na ngnáthóg is mó faoi bhagairt in Éirinn ach is beag feasacht ghinearálta atá ann faoin tábhacht a bhaineann leo. Caithfidh go leor eagraíochtaí fiú, lena n-áirítear gníomhaireachtaí stáit agus eagraíochtaí neamhrialtasacha comhshaoil (ENRcanna), tuilleadh a fhoghlaim freisin. It is hoped that this website will be of interest and use to all.

Tá sé d’aidhm ag an láithreán gréasáin seo cur leis an bhfeasacht agus leis an eolas sin, agus faisnéis a roinnt maidir le gach ní a bhaineann le féarthailte leathnádúrtha, lena n-áirítear na nithe seo a leanas:

  • cuir síos ar chineálacha féarthailte,
  • cuidiú le speicis féarthailte a aithint,
  • faisnéis atá cothrom le dáta maidir le stádas caomhantais féarthailte,
  • faisnéis maidir leis na bagairtí agus na dúshláin atá ann roimh fhéarthailte leathnádúrtha,
  • faisnéis maidir le himeachtaí,
  • bealaí chun tuilleadh a fhoghlaim,
  • faisnéis maidir leis an áit/leis an gcaoi le bualadh le daoine eile a bhfuil suim acu i gcaomhnú féarthailte
  • agus tuilleadh chomh maith leis sin.

Chuir an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra (SPNF) tús leis an tionscadal, le tacaíocht ón Ionad Náisiúnta le Sonraí Bithéagsúlachta. Tá an dá eagraíocht ag súil go bhfásfaidh an mol féarthalún seo ó thaobh suime agus rannpháirtíochta de. Tá maoiniú chun tús a chur leis an tionscnamh faighte ó SPNF, a bhfuil an dá chomhlacht ag tabhairt roinnt am foirne dó. Tá súil againn go mbeidh an láithreán gréasáin seo ina spriocacmhainn dóibhsean uile a bhfuil suim acu i bhféarthailte leathnádúrtha a chosaint, agus go mbeidh sé ina phointe fócais chun bualadh le daoine a bhfuil an dearcadh céanna acu agus a bhfuil suim choiteann acu i bhféarthailte móra na hÉireann.

Vernal Grass
Great Irish Grasslands can be contacted via grasslands@housing.gov.ie or through our Contact Form.